School: Mín (roll number 13938)

Location:
Tooreenmore, Co. Kerry
Teacher:
-
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 051

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0450, Page 051

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín
  2. XML Page 051
  3. XML (no title)
  4. XML “Piseoga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Leath-slighe idir Cnoc na gCaiseal is Oileán Ciarraighe ar an dtaobh dheas don priomhbóthair tá portach mór - Portach a'tSioda, agus seo mar a fuair sé a ainm.

    (continued from previous page)
    ná raibh an mangaire é féin tré theine leis. Bhí meitheol ag baint móna in aice leis. Ritheadar chuige chun é do mhúchadh agus nuair a thugadar fé ndeara na stocaí síoda, na filleídí síoda is na ceansúir sioda ag imteacht tré theine leis an ngaoith dubhairt duine acu
    " Nách deas an portach é seo - Portach a' tSíoda "
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (V) Creideadh go daingean i bpiseoga, i sprideanna, i bpúcaí is sa daoine maithe sa pharoíste seo anuas go dtí 40 bhlian ó soin ach is beag suim a cuirtear sa rudaí sin fé láthair ag an dream óg. Deirtear sa duthaigh seo gur "Mhairb na Black and Tans na sideóga is na púcaí."

    I dtightibh airithe sa pharoíste seo timcheall 40 blian ó shoin ní raghadh muinntir an tighe a chodladh gan an t-úrlár agus an teinteán do sguabadh is do glanadh, i gcóir na ndaoine maithe.
    Agus da mbadh né beadh roinnt fior-uisge istig cé go raibh sé ar a dó a chlog ar maidin nior mhór do dhuine éigin de'n teaglach dul amach go dtí an tobar chuige. Creideadh go mbeadh na daoine maithe ibhfeirg le muinntir an tighe agus go ndéanfaidís dioghbháil dá mbeadh an tigh salach nó gan uisge glan.
    I dtighthibh eile sa pharoíste ní leogfaí smearoíd dhearg as an dtigh an mhaidin a bhiodh an chuigean a dhéanamh ann le h-eagla go ngoidfí toradh an bhainne agus maidin Lae Bealtaine ní bhfaigheadh duine braon bainne ar ór ná ar airgead sa tightib sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    2. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    3. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Mac Curtáin
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir