School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí ceardcha ag crois Carn Doilchín tímcheall le céad bliadhain ó shoin, agus ba leis an Gabha Mór í. Leas-ainm dob'eadh an Gabha Mór. Seán Ó Cróinín dob' eadh a ainm ceart. Bhí dúil mór san ól aige, agus nuair a cheapadh sé go raibh cliathán maith ag an lá, siúd ar aghaidh leis fé dhein an tíghe óil, leis a aghaidh dubh. Ní thagadh sé abhaile annsan go dtí dubh agus dall na h-oidhche, agus ní bhíodh oireadh is pinginn ruadh 'na phócha aige, tar éis a bheadh déanta aige i rith an laee. Cuidh de'n gceardchain dob'eadh a thig chómhnuighe féín. Deirtí go raibh cuid draoidheachta ag an nGagbha Mór. Muna mbeadh duine mar custuméir do, dúbharthas go guirfeadh sé pláig franncach cuige cun é do chasadh leis.Bhí ceárdchain eile i Macha-an-tSamhradih ar chúl an tíghe gur le Pádruig Ó Donnchadha anois. Fadó i n-Éirinn, do dheintí sleannta, tuagha, rámhainní, tairraingí, agus úirlisí cogaidh. Tig maith úsáideach dob' eadh an cheardcha fadó, agus do bhíodh uirlisí cogaidh costasamhail ann. Bhí ar gach fear a chuid slat iarrainnn a thabhairt do'n cearchain leis cun na cruidhte do dhéanamh.Tá ceardcha sa t-sráid-bhaile seo, agus is le Dómhnall Ó h-Iceadha í. Tá ceann i Macha-an-tSamhraidh leis ag Diarmuid Mach Cárthaig.
- Collector
- Donnchadha Ó Muimhneacháin
- Gender
- Male
- Age
- 16
- Address
- Coom, Co. Kerry