School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aon oidhche bhí fear ag teacht ó Oilean Ciarraidhe. Bhí sé ana dhéidheanach san oidhche, agus ana-dhorca. Bhí sé ag marcuigheacht ar chapall. Nuair a tháinig sé go dtí droicheadh do chonnaich sé rud mór bán. Ní raibh fhios aige ar dtúis, cad a bhí ann. Tháinig scrannadh air, agus do thuit sé anuas ar an mbóthar. Thaínig an mhuch in aice leis. Do bhain an mhuc greim den gcapall. Do leag sí an capall, agus annsan d'imthig sí. Do chuaidh an fear abhaile, agus seachtmhain na dhiaidh sin fuair sé bás. Níorbh much nádúrtha í acht spiorad is dóca in dhealbh muice.Mícheál Mac Curtain, Léim-Úi-Gliosáín
- Collector
- Mícheál Mac Curtain
- Gender
- Male
- Informant
- Seán Ó Finnigeán
- Gender
- Male
- Age
- 80