School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gníomh go Leith (B.)
- XML Page 420
- XML “Máire Bedlam”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leas-ainm do mhnaoi a bhiodh 'na cómhnuidhe go minich sa stráid bhaile do b'eadh Máire Bedlam. Bean feasa do b'eadh í, agus dúbhrathas gur thárlaidh (?) a cuid fáidheadóireachta go ceart go ró mhinich. Do dhein sí trí nó ceitre tairngirí agus do bfhior dí iad.Uair amháin dubhairt sí ná beadh ach aon tigh chinn tuighe sa tSráid bhaile seo, agus do bfhior d'í é. Dúbhairt sí ná beadh aón tséípéal i Gniomh-go-leith, agus do thosnuig na daoine ag magadh fúithe mar bhí séipéal maith go leór achu. Ach do bfior d'í é, mar do tógadh séípéal órnáideach i mbaile Fearann i gCúm, agus do leagadh an sean-séipéal i Gniomh go leith. D'innis sí do mhnaoí a riabh fonn pósta uirthe go bpósfaí le cómharsain í na beadh aige ach acra talmhan. Do ghári an cailín fúithe mar bhí smaointí móra cun pósta aiche. Ach ní raibh ag an mhnaoí ach an fhírinne glan. Dubhairt leis go mbeadh capaill ráis ag duine de's na Muimhneachain i gCúm. Nior tháinig rian na firinne de sin fós.Le linn a hóige do bhí sceón ar na daoine go léir roime toisc a tairngirí ionghantacha. Is beag do shíl Máire nuair a bhí sí 'na cosa go mb'eadh na(continues on next page)
- Collector
- John Moynihan
- Gender
- Male
- Informant
- Mrs Julie Moynihan
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Gneevgullia, Co. Kerry