School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin tháinig fir-taistil an Iarla Chinn Mhara cun an t-sráid bhaile seo. Cuadar isteach ins an dtigh tábhairne seo, agus cé bheadh istig rómpa ach duine agus leas-ainm Mach Doodle air.Bhiodar ag ól ar feadh tamaillín. Bhí cailín teasaidhe ann san am chéadhna. Fear deas laoghach do b'eadh Mach Doodle cé go raibh sé bocht. Bhí fhonn cun rum air, ach bhí sé ró dhaor dó. Tar-éis tamaill eile ceannuig duine de's na h-uaislibh leath-phint rum dó féin. Cuir sé ar an gcúntar é, agus chuaidh sé amach sa clós. Gaibh fonn an rum Mach Doodle. Amach leis, agus nuair a bhí sé ag gabhail tar an rum do chuir sé taobh istig dá cóta é. D'ól sé amuig sa clós é. Nuair a tháinig sé isteach bhí mustar mar gheall ar an rum air ach bhí na h-uaisle ar buille nuair ná raibh an rum roimhe.Seo arsa Mach Doodle "má bheirim ar an duine, d'ól an rum, tabharfhaid mé dó ar rud a thug Pádruig don druma" Ach arsan cailín aimsire "má thugann tú an rud a thug Pádruig don druma thabharfaidh mé duit-se an rud a thug Mach Doodle don rum.
- Collector
- Michael Daly
- Gender
- Male
- Address
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Informant
- Mrs Julie Moynihan
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- Gneevgullia, Co. Kerry