School: Gníomh go Leith (B.) (roll number 1703)
- Location:
- Gneevgullia, Co. Kerry
- Teacher: Cormac Ó Laoghaire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- "Baile Coitín"Bhí file ann fadó agus is fadó do bhí Duine deas-lághach dob-eadh é. Bhíodh sé ag dul ó áit go h-áit, ar lorg greim le n-ól, agus le n-ithe.La amháin bhí sé ag dul go Co. Chorcaighe, agus do bhí air dul tré bhaile dárbh 'ainm do Coitín. Baile beag i gCo. Chorcaighe iseadh é. Tar-éis tamaill tháinig ocras air.Chuaidh sé isteach idtig feirmeóra a bhí in aice na h-áite, ach ní fuair sé greim le n-ithe. Do chuaidh sé isteach idtig eile, agus do b'é an sgéal chéadhna é ins an dtig sin.Fearg air ansan, agus do dhein sé an dán so:-
" Baile Coitín, Baile Coitín gann.Ith do dhínnéar, sul a dtéighir ann.Baile beag briste, láimh le h-uisge.Agus mná gan tuisgint ann. "
Dómhnall Ó Súilleabháin
Fuarathas an scéul ó Mícheál Ó Mathúna
An Galán,
Ráth-Mhór- Collector
- Dómhnall Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheál Ó Mathúna
- Gender
- Male
- Address
- Gullaun East, Co. Kerry