School: Ráithín (B.) (roll number 9304)

Location:
Raheen, Co. Kerry
Teacher:
Diarmuid Ua Cróinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 409

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 409

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ráithín (B.)
  2. XML Page 409
  3. XML “Slí na Naomh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Slighe na Naomh
    Tá tobar beannuighthe againn-ne annso i nGleannFleisge agus tobar an Naomh a tugtair air. Thuas ar thaoibh an chnuic ar an dtaobh theas d’Inse an Ghleanna atá sé.
    Tá bearna trí sna sléibhte annso agus casán ag dul ó dheas trí sna cnochaibh. Is na gleanntaibh cruinn díreach go dtí an Guagán. Is ar an gcasán san a tugtair “Slighe na Naomh.” Seo mar atá an sgéal i dtaobh an tobair beannuighthe ag na sean daoine i nGleann Fleisge.
    Fadó nuair a bhíodh na Naoimh ag imtheacht ar fuaid na h-Éireann ag craobh-scaoileadh an chreidimh dos an pághánaig tháinig Naomh Fionnbarra agus comhlucht Naomh in a theannta agus chaitheadar oidhche tuas ar Dhrom a Bhráca. Bhíodar ag teacht ó’n gCathair mar a raibh comhnuidhe ar Naomh Craobhdhearg an uair úd. Bhíodh an Naoimh go léir ag dul mór thimcheall mór thimceall mar sin san am atá thart agus deirtear go bhfuair Fionnbarra órdú ó Dhia mainistear a thógaint dó féin i nGúgán.
    D’fágadar Drom a’ Bhráca go maidin ach go h-áirithe agus do ghluaiseadar ortha ó dheas trí sna cnochaibh – Fionnbarra ar thosach agus na Naoimh eile go léir in dhiaidh d’réir a gcéim.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Dómhnall Ua Loingsigh
    Gender
    Male
    Age
    72
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cloonkeen, Co. Kerry