Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Kenmare, Co. Kerry
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 469
- XML “Shell? Bhainicín Róin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é coimeád dhóibh féin. Fuair sé siosúr agus gheárr sé an feamanach de agus chuir sé culaith éadaig air agus chuir chun sgoile é. Sé ainm a ghlaodhadh an garsún ortha as san amach ná athair agus máthair
D'fhan sé mar sin go dtí go raibh sé seacht mbliadna deog. Cheap sé annsan go raibh a dhóithin sgoláireacht aige, agus ar seisean leo -
"Táim fada go leor annso anois agus sé is fearra dhíbh a dhéanamh ná ceárd beag éigin a thabhairt dom."
"Agus cad é an cheárd is fearr leat?" Má seadh?" ar siad san leis. Dubhairt sé go mb'feárr leis bheith ina ghabha Dheineadar amach an gabha agus shocruigheadar go bhféadfadh sé ag foghluim aige go ceann ceithre bliadna. Bhíodh sé féin agus an gabha ag obair gach lá ach in ionad an garsún a bheith ag foghluim ón ngabha, is amhlaidh abhí an gabha ag foghluim ón ngarsún.
Nuair abhí na ceithre bliadna caithte dubhairt sé leis an ngabha claidheamh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál O hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dawros, Co. Kerry