Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Kenmare, Co. Kerry
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Tá go maith" arsa Tadhg "cad iad na ceisteanna iad?". "Ó breágh bog" ars' an breitheamh "caithfidh mé ceisteanna cuibheasach cruadha a chur ort. Téighir abhaile duit féin agus tar chugham-sa annso ar maidin imbárach agus beidh an chéad cheist ullamh agam duit."
Dein Tadhg mar a dubhradh leis agus Tháinig sé iláthair an bhreithimh ar maidin. "Anois a Thaidhg" ars' an breitheamh "seo an chéad cheist - an mó ciseán cré sa ghealach?" Smaoinig Tadhg ar feadh tamaill. "O" arsa Tadhg "sin ceist ana fhuirist, dá mbeadh ciseán mór go leor agat, ní bheadh ann acht ciseán amháin, nó dá mbeadh ciseán leat chómh mór leis an ngealaig agat do bheadh dhá chiseán cré ann. Braitheann sé go léir ar mhéid an chiseáin a bhreithimh". Ní fhéadfadh an breitheamh a rádh go raibh sé mí-cheart. "Tá go maith a Thaidhg" ar seisean. "Tá an freagra san cruinn go maith. Ach ní dóigh liom go mbeidh an cheist eile chómh fuirist sin. Tar chugham maidin imbáireach agus beidh sí ullamh agam duit".
Chuaidh Tadhg abhaile agus d'innis sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Donnchadh Magh Ghloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mallow, Co. Cork