Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Kenmare, Co. Kerry
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 533
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Ar mo luighe domh sa leabaidh mar a luighim san uaigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Is beir (sic) mh'anam duit, a Íosa.
(B)Gach peaca á ndeárn' ón lá do ruga' me riamh,
Mac Muire na nGrást' á rádh: "Maithim duit iad,"
In leanbh a crán (?) atá 'na Dhuine 's na Dhia
Do raibh ár seachain' go brách ó ghárdaíbh theine na bpian !'Sé Mícheál Ó h-Éaluithe ( Marquis ) ,67, do thug uaidh an dá phaidir seo (A) agus (B) Do fuair sé ó n-a mháthair ar Srón Bearráin i dTuaith ó Siosta agus é óg. Chuireas síos ó n-a bhéal féin iad im' thigh féin in Doire Locha, 30/12/1935. Thug sé an lá ó n-a 1-8 sa tigh agus chuir sé oiread agus do líon 14 cinn d'fhiteánaibh isteach san Ediphone. Seanchaidhe é go bhfuil mórán Éireann sean-aimsireachta ina cheann ach aimsir a tabhairt do chun go gcuimhnigheadh sé air. Tá breis taithighe aige ar an mbéarla anois ó fhág sé an Láithreach chun dul 'na chomhnuidhe ar an nDrom Bán i nDrom Ochtaighe mar a bhfuil sé anois. Fear puist é. B'é chéád fhear puist riamh do thug litreacha go dtí an Láithreach 45 bliadhna ó shin é. Tá an tara bean pósta aige agus gan éinne clainne aige leí. bhí leis an gcéad mhnaoi.- Bailitheoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó hÉaluithe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dawros, Co. Kerry