School: Landsdowne (Cuar na gCoileach) (roll number 6091)
- Location:
- Coornagillagh, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)eascaine agus dimthig sé as a mheabhar chomh mór san go ndúbhairt sé go mba bhfearr leis a bheith in ifreann ná anso Ar amharc éigin a thug sé ar an raca cé cídhfeadh sé na shuidhe ann ach fea agus é ag síneadh an phíopa cuige. Ar an nóimneath thúg an fear bocht fé ndeara go raibh crúba fé in ionadh cosa agus le linn an ama din d' úiltaig sé an píopa agus d'imthig an strainnséir as a radharc. Ón lá san go dtí lá a bháis níor ól sé gal tobhach ach deirtear go raibh a thaidhbhseach le fescint san sean bhothán so más fíor. Tighthe cinn slinne atá annsó anois ach ceann thúighe a bhí ar na tighthe beaga anso ceadh bliadhan ó shoin. Tháinig an long mhór o Meiriceá isteach go bágh Neidín r an dtaobh thuaidh díreach den áit seó agus sciobh sí leis na fir oibhre agus a líon tighthe go h-Ameraca gan aon díol. Tughadar an "t-Imirce Saor" a an rud só. Chuala mo mháthair a rádh gur chuala sí a h-athair féin a rádh gur imthigh sé féin ar bórd i gceann aca úd agus é na garsún a seacht nó a(continues on next page)