Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)

Suíomh:
Derreendarragh, Co. Kerry
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 144

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0466, Leathanach 144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doirín Darach
  2. XML Leathanach 144
  3. XML “Scéal Iontach ag Baint leis an Áit Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    acu acht chómh bheag.
    Tar éis tamaill do thug an bhean a' tighe fé ndeara go raibh na ciléirí sgiomáltha tar éis na h-oidhche agus ní raibh fhios acu cé bhí ag déanamh an díoghbhala. Bí an rud chéadna ar siubhal gach aon oidhche agus sa deireadh dubhnadar le na chéile gurab é cat a bhí ag slíobadh an uachtair.
    D'fhan beirt acu ar faire an oidhche seo. Rug ceann acu speal leis agus do dhainginigheadar an dorus go h-an maith agus an fhuinneóg leis. Ar nós na dtighthe bainne fad ó bhí an tig bainne seo clúdaighthe le tuighe. Chuaidh an beirt isteach agus do dhúnadar an dorus i n-a ndiaidh.
    Tar éis tamaill tháinig an cat mór bán isteach agus d'ionnsuigh an beirt é acht chuaidh sé amach uatha agus tar éis tamaill d'fhill sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Cathbhuaidh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Derreendarragh, Co. Kerry
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cathbhuaidh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Derreendarragh, Co. Kerry