Scoil: Teileann

Suíomh:
Teileann, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Leon Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 218

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1045, Leathanach 218

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Teileann
  2. XML Leathanach 218
  3. XML “Síscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Siodh Sceal
    Bhí fear i n-a chomhnuidhe i Málainn Bhig aon uair amháin. Ni rabh duine ar bith i n-a chomhnuidhe aige ach é féin. Lá amháin bhi sé ag siubhail de chois na trágha. Bhí an lá an-te agus shíl an fear go suidhfead sé síos go ndéanfad sé a scríste. Shuidh. Ní rabh sé i bhfad i n-shuidhe nuair a chonnaic sé bean ag teacht aniar chois na trágha. Bhi sé cóirighthe mar bhéadh bean uasal ann. Ach bean bhocht a bhí innte dár réir a cuma. Shuidh sí ar carraig, bhain sí a cóta duithe agus chaith ag n-a taobh é. Fá chionn tamall d'imigh sí arais an bealach ceadhna as a dtainig sí. Agus caidé rinne sí acht a cóta a fhágail i n-a diaidh. Thug an fear leis an cóta agus reath sé i n-a bhaile leis.
    Chuaidh na laethe thart agus lá amháin cé thig isteach chun toighe ionnsoir acht an bhean cheadhna. D;fhan sí aige agus sa deireadh d'iarr sé oirthi a phósadh. Dubhairt sise go ndéánfadh agus lá thar na bháach pósadh an bheirt. Chaith siad cupla bliadhain le chéile. Acht Domhnach amháin nuair a chuaidh an fear chun Aifrinn d'fhág sé a bhean ag coinneál toighe. Chuaidh sise amach a tharraingt féir. Nuair a bhí sí ag tarraingt an fhéir caidé a fuair sí acht a cóta i
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seaghan Mac Seaghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairm bheatha
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Baile Mór, Co. Dhún na nGall