Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siúbhán Beaf - Inghean an RíoghBhí Rí ann fad ó choin agus ni rabh aige ach inghean amháín. Fuair an Bhainrioghan bás agus bhí an Rí an-bhuaidheartha i n-a ndiaidh. Dubhairt dé nac bhpósfadh sé go bráthach aríst. Nuair a bhí an Ríoghacht tamall gan Rí dubhairt na daoine go gcaithfeadh Bhainrioghain bheith an an Ríoghacht agus go gcaithfeadh an Rí pósadh arais. Dubhairt an Rí annsin nach ndearfad sé leis an mhnaoi úir a phósadh sé, go rabh sé pósta cheana acht go leigfead sé air féín gur cailín seirbhise a bhi ann a ingheann darbh ainm di Siubhán.
Phós Rí annsin agus i gcionn bliadhna rugadh ingean óg. Lá amhain chuaigh an Bhainrioghain síos 'na trágha a d'amharc uaithe agus nuair a bhi sí thios shleamhnaigh sé ar an chladach agus arsa sise, "Dia is Muire liom, fhabair[?] gur thuit mé." "Ná bíodh Dia agus Muire leat," arsa glór. An dara lá chuaidh sí síos na chladaigh arair agus leig oirthí féin gur shleamhnaigh sí agus dubhairt, "Dia is Muire liom, fhobair gur thuit mé." Chualaidh sí an glor ceadna ag rádh, "Na bíódh Dia agus Muire leat." Thárla an rud ceadna an triomhadh lá agus nuair a chualaidh sí an glór d'amharc sí thart agus chonaic sí teach beag taobh istoigh duithe. Chuaidh sí isteach agus chonnaic sí seanbhean i n-a suuidhe sa chlúid. "Cá tuige a bhfuil tú ag cur mallachtaighe ormsa," arsa an Bhainrioghain leis an t-seanmhnaoi. "Tá, arsa an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brian Ó hEigceartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall