Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 173
- XML “Scéal fá Shiógaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sceal fá ShíogaidtheBhí fear i n-a choinnuidhe i gCruachleann (Teileann) fad ó shoin darb'ainm dó Séimín MacFionnlaoich. Trathnóna amháín thainig sé isteach agus é tuirseach indhiaidh a bheith ag obair ó lá. Dubhairt a bhean leis nach dtainig a chliabóg? abhaile. Ní thearn sé ach breith ar a bhata agus amach leis. D'imigh sé a chuartufhadh? na cliobóige? is níor stad sé go rabh sé ag bruach Fhochar Chapaill. D'amharc sé síos ins an ált agus dar leis go bhfacasé í marbh thíos ar a'chladach. Bhí sé ag éirighe dorcha agus b'fhada leis a ghabhail síos fhad leíthe. Thionntaigh sé go dtugadh sé iarraidh ar a' bhaile. Bhí sé tursach? ocrach agus é buaidheartha fa n-a chliobóig bheith marbh. Shuidh sé ar bhruach bheag go ndéanadh sé a scíste? agus le linn é bheith tursach thuit sé i n-a chodladh. Ní rabh sé i bhfad i n-a chodladh nuair a chruinning sluagh? i n-a bheatha de shíogaidhe thart fá dtaoibh de. Bhuail siad a chainnt eatorra fhéin caiidé dhéanfad siad leis. Dubhairt an chead? fhear go bhfágfad siad bodhar, bolamhar? é; dubhairt an daarna fear go bhfágfad sé gan luth, gan spreacadh é; agus dubhairt an tríomhadh? fear nach ndéanfadh acht go bhfágfadh siad a chliobóg aige le tabhairt abhaile. Nuair a mhuscail sé bhí a chliabóg ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Seaghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cheapach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Seaghain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 94