Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 264
- XML “Siúbhán Beag - Iníon an Rí”
- XML “An Bráthair Ó Concubhair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chlaidhe chuaidh giota den abhall i bhí greamuighthe ann a sgórnaigh síos agus d'éirigh sí cómh slán folláin agus bhí sí ariamh. Nuair a chonnaic Mac an Ríogh seo bhí lúthgháir mhór air.
Pósadh an bheirt. Bhí baineis acu a mhair naoi n-oidhche agus naoi lá, ba é an oidhche dheireannach an oidhche b'fhearr. Mhair siad go sona séanmhar ina dhiaidh sin. - Bhí buachaill ann fadó agus bhí sé an tugtha do bheith ag imirt chárdaí. Bhí sé ag teacht abhaile oidhche amháin i ndiaidh a bheith ag imirt chárdaí. Casadh bean ur labhair sise leis. Labhair sisean léithe. Thug sí amach paca cárdaí agus d'fiafruigh sí de a n-imreochaidh sé cluiche. Dubhairt sé go ndéanfadh sé. D'imir siad cluiche agus bhain sise é. "Caithfidh tú scribhinn a thabhairt damh-sa", arsa sise. Scríobh sé a ainm ar ghiota paipéir agus thug díthe é. Shlug sí an paipéar. D'imthig sí léithe annsin is chuaidh seisean 'na bhaile. Ar maidín lá thar na bharach d'innis sé dá bhunadh caidé thárla. D'fiafruigh an t-athair de caidé rinne sí leis an scribhinn. Dubhairt seisean gur shlug sí é. "Sin do sháith, arsa an t-athair, beirimse comhairle(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Brian Ó hEigceartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall