School: Teileann
- Location:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Leon Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Teileann
- XML Page 197
- XML “Síscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Síodh ScealBhí fear ann fad o shoin agus ba as Teileann é. Maidín amháin comh luath is d'imigh na realtógaí de'n aer thug sé leis a shlat iasgaireachta agus níor bhain sé a mhear de na shróin gur shroich sé an ball talaimh a dtugtar Tón an Oileáin Ruaidh air. Tharraing sé air a shlat is chuir le n-obair í.
Chuaidh sé a d'iasgaireacht ach nuair a bhí sé tamall maith ag iasgaireacht bheir beathach as a dhubhán. Tharraing sé isteach a dhoruga agus caidé a fuair sé ach leitheóg ghorm. Bhi iongtantas air anois oír ba adhbhar iongantais é. Le sin mhothuigh sé an ceol a b'fhíor bhinne a mhothuigh sé ariamh. Nuair d'amharc sé thart tcídh sé an cailín ag seinm ar ghleas ceoil agus í ag sgairtigh aníos air. Thug sé thart a cheann arais aagus caidé tcídh sé ach sean-chailleach chríon chaithte agus í ag cur achan eadaí [?] ghránna uirthe féin.
Sgrannaigh sé nuair a chonnaic sé seo ach le sin túsuigheadh a chathadh na ndartán air. Nuair a bhidhthear tamall maith a gcathadh air mhothuigh sé an glór shuas ós a cheann ag iarraidh air a bheiste a thionntadh nó go mairbhfidhe é. Rinne sé seo. An bomaite a bhi an bheiste tionntaighte stopadh den chathadh agus nuair d'amharc sé thart ní rabh aon dath le feieáil ach an spinnc mar bhi sé ariamh.
Nuair a chuaidh sé a thabhairt leis an t-iasg(continues on next page)- Informant
- Cáit Nic Giolla Chearra
- Gender
- Female
- Age
- 62
- Occupation
- Bean iascaire
- Address
- An Baile Mór, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Séamus Mac Lochlainn
- Relation
- Parent
- Gender
- Male