Scoil: Teileann
- Suíomh:
- Teileann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Leon Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teileann
- XML Leathanach 250
- XML “Síscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Siodh-ScealBhí giorrsach i n-a comnuidhe i Malainn Bhig uair amhain agus theighead sí na chnuic i n-uile lá leis an eallach. D'imigh sí an lá seo agus níor chuir sí an t-uisce coisreactha oirthí -fein nó níor dhubhairt sí paidir.
D'imigh sí leíthe agus nuair a bhi sí thuas giota fada smaoinigh sí go rachad sí go bruach na fairrge. Thainig sí go bruach agus d'amharc sí sios ar an traigh. Chonnaic sí annsin trí gasúraí agus trí giorrsachaí, camán ag achan duine aca agus iad ag imirt ar an tráigh. Chuir siad cathughadh uirthe agus chuaidh sí síos ionns-ortha. Nuair a bhi sí ag tarraingt ortha chuaidh siad uilig isteacah san aillt. Lean sí isteach iad. Chonnaictheas duíthe go rabh sí istoigh sa teach a ba deise a chonnaic sí ariamh. Ní rabh duine ar bith sa teach ach seanbhean. D'eirigh an t-seanbhean agus thug sí ceapaire duíthe. Le sin thainig bean eile isteach a thug buille do'n arán amach as laimh na giorrsaighe. Annsin bheir sí greim gualann uirhte agus chuir amach ar a'doras í. D'fhá sí an giorrsach thuas ar bharr na h-aillte agus arsa sise leíthe, "Is beag a shileas d'athair agus do mháthair gur bhain tú siubhal asam-se as Connachta indiú." Chuir sí a lámh ann a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brian Ó hEigceartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Iomaire Mhuireanáin, Co. Dhún na nGall