Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 220
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí bean ann uair amháin agus bhí triúr ingneach aicí. Bhí an cailín a ba sine aca ceithre bliadhna déag nuair a fuair a h-athair bás.”
(ar lean ón leathanach roimhe)an cailín nach gcíorfadh. “bhal,” arsa’n tsean-bhean “tig leat a bheith ag dul na bhaile ní’l gnoithe ar bith agam leat”
Chuaidh an cailín ‘un an bhaile agus d’innis an sgéal. D’iarr an mháthair ar an cailín eile imtheacht ar fastódh. D’imthigh sí. Casadh an rud céadna duithe-se a casadh dó’n bhean eile agus d’iarr an t-sean-bhean uirthí siothlán uisge a thabhairt isteach. Bhí a fhios ag an chailín nach dtiocfadh leis an tsiothlán uisge a congbail. Chuaidh sí amach go dtí an doras agus d’fhág sí an siothlán ar cloich agus bhain an baile amach.
Dubhairt an cailín a b’óige go rabh rún aicí fhéin dhul ar fastódh chuig an t-sean-bhean. Tugadh cead duithe, agus d’imthigh sí. D’iarr an tsean-bhean uirthi imtheacht agus siothlán uisge a thabhairt isteach. Thug sí léithe an siothlán, chuir cúl leinnogach air a thóin agus choinnigh sé an t-uisge. Nuair a thainic sí ’un toighe dubhairt an bhean léithe gur sin an seort cailín a bhí a dhíth uirthí.
D’iarr sí uirthí a cionn a chíoradh. Rinne sí sin. nuair a bhí sí ag cíoradh a cinn thuit an tsean-bhean ina codladh. D’amharc an ghiorsach thart go bfeiceadh sí an rabh airgead ar bith ag an tsean-bhean. Fá dheireadh d’amharc sí ins an t-simleóir agus chonaic sí mála(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall