Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 227
- XML “Iolar agus Aingeal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus ingean an Ríogh rinneadh féasta.
Chuir sé amach sgéala ag iarraidh ar dhaoine theacht o aois na sé mbliadhain déag go haois na dtrí fichtadh. Chruinnigh óg agus aosta. Bhí na cócairí ag deánamh réidh an dinneara.
“An bhfuil duine ar bith a d’fhig leis sgéal a innse a chuirfheas thart an t-am go mbéidh an dinnear réidh” arsa an Ríogh. Chuaidh Aingeal ‘un tosaigh. Chaith sí dhá chuachóig shnáth ar an tábla. Thainic cearc amach as ceann aca agus coileach. Thainic pionainn choirce amach as an cheann eile. Chroim an chearc a phiocadh an choirce, agus bhuail an coileach í.
“An lá thug m’athair as nead an Iolair thú ní dheanfá sin liom-sa” arsa an chearc.
Chroim sí arais agus bhuail an coileach le sgubóig í.
“Góc! Góc!” arsa an chearc, “an lá a rinne mise trí thuirtín bocstaí agus d’fhág mé ag cainnte le mo mháthair iad ní dheanfá sin liom-sa.”
Chroim sí arais agus bhuail an coileach í
“Góc! Góc!” arsa sise, “an lá a lean m’athar muid agus rinne mise cnoc damh fhéin agus loch duit-se, ní dheanfá sin liom-sa.” Chroim sí arais agus bhuail an coileach í.
“An lá” arsa sise, “a d’iarr mise ort dhul agus loistín a fhaghail níor phill tú ní ba mhó.”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Dhubhgáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Domhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall