Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí ‘un toighe iad”
“Caidé is ciall le sin arsa'n Chliabh Cháinte “Tá,” arsa’n gasúr tá sí ag marbhughadh míola agus an méid míola a gheobhaidh sí fágfaidh sí na diaidh iad agus an méid nach bhfághann bheirfidh sí ‘un toighe iad. Dar leis an Chliabh Cháinte go raibh Mac A’Bháird é fhéin ins an bhaile nach mbéadh sé comh cliste sin agus go bhfuigheadh sé lámh an uachtar air. Dar leis fhéin go gcuirfeadh sé ceist eile air. An bhfuil an abhainn sin síos doimhin arsa’n Chliabh Cháinte ó maise níl sí doimhin arsa’n gasúr nó tá
cuid lachan mo mháthardha síos annsin ag snámh achan lá agus ní théigheann an d’uisge ach go dtí na mbolg ortha.
Chuaidh an Chliabh Cháinte isteach ins an abhainn ach ní rabh ann ach é nar báitheadh é. D’imthigh sé leis go dtí n-a theach fhéin ansin agus i gcionn cupla lá phill siad arais go dtí theach Mhic An’Bháird. Bhí an gasúr giota beag síos faoi’n teach ag buachailleacht “Cá bhfuil do chuid clisteachta indiu?” arsa’n Chliabh Cháinte. “Ó, tá,” arsa’n gasúr, “tá an chlisteacht ins an áit a raibh sí an lá fá dheireadh.”
Cuir amach anseo ar do bhois é má tá tú ag deánamh go bhfuil tú níos cliste na mise. Tá mé ag deánamh maise arsa seisean go bhfuil. Shílfinn go mbéadh duine ar bith níos gaiste nó tusa a ghiolla mhóir bhuidhe atá in do shuidhe i gcathaoir mhagaidh dá saithfeá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighread Ní Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cinnéide
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall