Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 231
- XML “An Bheirt Dearthárach, Pádraig agus Mícheal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile dó. Léigh an sagart tamall eile agus dubhairt sé le Pádraig go raibh Micheal ag an doras. Bhal arsa Pádraig ma tá greim ag Micheal ar an laiste rachaidh sé isteach da aindeoin deireadh a bhfuil astoigh. Chuir Pádraig a lámh ar an punt as amach ar an doras.
Niall Ó Domhnaill, Agallaí, Clochán Liath a scríobh
Sgéalaidhe: Niall Ó Domhnaill, Agallaí, Clochán Liath a d’innis
Aois 78 bliadhan Scéal
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach ingean amháin. Fuair an fear bás agus bhí droch dhóigh air an ghiorsaigh bhig.”
Scéal
Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus ní raibh aca ach ingean amháin. Fuair an fear bás agus bhí droch dhóigh air an ghiorsaigh bhig. Lá amháin chuaidh an mháthair amach a dh'obair agus d’iarr sí ar an ghiorsach an obair uilig a bheith deánta aice nuair a thiocfadh sí isteach. Nuair a d’imthigh an mháthair amach a d’obair, shuidh an ghiorsach ag taobh na teineadh agus ní thearn sí obair ar bith go dtainig an mháthair isteach. Bhuail an mháthair í nuair a tháinig sí isteach. Bhí mac Ríogh ag gabhail thart taobh amuigh de’n teach
Mhothuigh sé an caoineadh istoigh, chuaidh sé isteach agus chuir sé ceist ar an ghiorsaighe caidé a bhí uirthí agus dubhairt an mháthair go raibh sí comh maith sin ag obair agus gur b’eigean díthe í a bhualadh. D’iarr mac an Ríogh uirthí a dhul leis agus nach raibh mórán oibre le deánamh aige. Chuaidh an ghiorsach leis agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seorsamh Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Airdmhín, Co. Dhún na nGall