Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Agus ní rabh i bhfad go rabh an biadh ar an tábla. Agus thárlaidh go rabh réithe ceangailte ar chosa an tábla agus nuair a bhí an fheoil ar an tábla bhuail an réithe salamandoir air agus scab se deireadh ar an urláir. Annsin d’iarr fear an toighe ar fhear de na Fianna an réithe a cheangal. D’éirigh fear amháin aca ach ní rabh sé ábalta. D’éirigh siad uilig ac ní rabh maith ann. d’éirigh Fionn é fhéin agus chuir sé síos an réithe air a dhá ghlúin, ach ní rabh sé ábalta é a cheangail. Chuir seo iongantas ar Fhionn no shíl sé go dtiocfadh leis achan rud a dheánamh. Agus annsin d’innis an seanduine gurbh’é an réithe an saoghal. Scairt sé le gasúr a bhí na luighe ar shuipín cocain nach rabh ann ach scáile agus d’éirigh seisean agus bhain a thaca as an bhalla agus na cathaoireacha go dteachaidh sé fhad leis an réithe agus cheangail é. dubhairt an seanduine gur sin an saoghail agus an bás agus go n’iomcuireann sé gach rud ar shiubhal. Agus thug Fionn buidheachas mór do ar shon an ugdar a innse dó.Sgéalaidhe Pádraig Ó Gallchobhair Cró Bheithe Clochán Liath, Tír Chonaill 63 bliadhna
Eóghan Ó Gallchobhair Cró Bheithe a scríobh- Bailitheoir
- Eóghan Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall