Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 329

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 329

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 329
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí sin ann agus is fada o bhí; bhí fear ann uair amháin agus bhí neart airgid aige. Beirt ingneach a bhí aige; bhí cailín aca ar fostadh agus d'fhan an cailín eile ins an bhaile i gcomhnaidhe.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chuaidh sí agus chuartaigh sí an teach ach ní raibh sí abalta ór no airgead a fhaghail as na ceadaí, mílte punta a bhí ag na h-athair ach trí chead punta. Bhí a fhios aicí go raibh dallóg ar shúile an fhir. Bhí sí sé bliadhna déag d'aois lá thar na bhárach agus fuair sí leitir o n-a deirbhsiúr ag iarraidh uirthí gabhail go Baile Átha Cliath go rabhthar gabhail go Baile Átha Cliath go rabhthar gabhail a posadh ar fhear iongantach deas a raibh neart airgid aige. D'fhag sí leath chead punta ag na searbhfhoghantaí agus d'fhag sí leath-chead punta agus an teach ag bean a bhí ar fostodh aici.
    bhí go maith agus ní raibh go h-olc, d'imthigh sí leithe go Baile Átha Cliath fuair sí eolas ca h-ait a raibh a deirbhsiur ina comhnaidhe agus chuaidh sí go dtí an teach.
    Astoigh ann bhí cailín agus fear óg. Bhí drochchuma ar an fhear. Pósadh a deirbhsiur ar an fhear fa chionn cupla lá agus leoga ní raibh sé cinealta léithe ar dhoigh ar bith. Bhí neart airgid ag an fhear óg agus theidheadh sé a d'imirt cardaí gach oidhche go dtí nach raibh pighinn ruadh aige. Lá amháin arsa seisean leithe "Caide an t-ainm ata órt"
    "Sighle Bhreathnach" arsa sise
    "Seadh" arsa seisean "Silim gur chualaidh mé iomradh ar an ainm sin aroimhe"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Dhubhgáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cruach Phádraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Domhnall Ó Domhnaill
    Inscne
    Fireann