Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 341

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 341

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 341
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Lá amháin bhí Fionn agus na Fianna amuigh ag seilg. Amach soir fá Dhún Luithce a bhí siad. Bhí caisleán annsin agus bhí cailleach bhréagach ann.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    na Fianna agus ghoid fear de na Connachtaigh an sgian uaidh. Fad as bhí an sgian ag na Connachtaigh ní rabh cath ar bith dá rud siad an nach mbéadh an bhuaidh leó.
    Nuair a chonnaic Fionn nach ndéanfadh siad maith gan an sgian thug sé leis cupla fear agus d’imthigh siar go Connachta ag deanamh go dtabhairgeadh siad dó an sgian. Gheall Fionn go dtabhairfeadh sé an oiread seo airgid daobhtha dá dtabhairfeadh siad dó an sgian ach ní sgarfadh siad léithe.
    “Tá ór agus airgead agam” arsa Fionn, agus tabhairigidh domh an sgian nó ní bhéadh ann ach troid”
    “An bhfuil sibh sásta a ghabhail a throid anois?” arsa Fionn, “má tá, tá muid réidh anois” Thoisigh an troid agus fuair Fionn an sgian a ghoid uaidh an ceann – urraidh agus gread Fionn na Connachtaigh agus bhí an bhuaidh leis na Fianna arais. Bhí an sgian ag Fionn go deo agus ní bhfuair an dara dream buaidh ortha.
    Sgéalaidhe: Micheal Ó Cáilin, Mín-Cor-Bhuic
    Aois: 58 bliadhan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Airdmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Micheal Ó Cáilin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    An tSeanga Mheáin, Co. Dhún na nGall