Scoil: Baile na Bó (uimhir rolla 2260)
- Suíomh:
- Baile na Bó, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Ailbhe Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An sgéul: 9ar leanamhaint)
An Bhaintreabhach agus an Gasúrgo dtí gur casadh torramh do. Thuig lucht an torramh go rabh sé ag rádh go mbéadh céad torramh ann ar an bhliadhain seo chugainn, is bhuail[?] siad é, is dubhairt siad leis gan labhairt mar sin níos mó. Is caidé dearfas mé? arsa an gasúr. Abair arsa fear aca ceann i mbliadhna agus gan ceann ar bith ar an bhliadhain seo chugainn. Dimthigh an gasúr bocht leis dá rádh seo go dtí gur casadh fear air nach rabh aige acht súil amháin. Nuair a chualaidh sé an chaint a bhí ar an ghasúr rinne sé amach gur ar a chuid súl a bhí sé ag trácht, agus thug iarraidh air le na bhata. agus bhagair sé go mairbheadh sé é dá gcluinfeadh sé a léitheid de chaint aige a choidhche arais. is caidé dearfas mé? arsa an gasúr. Abair arsa seisean an ceann a chaill sé go bhfághaidh sé arais é. Dimthigh sé leis annsin go dtí go dtáinic sé a fhad le teach. Bhí an fear agus an bhean sin i ndiaidh tóir a chur ar sionnach agus ag baint lach do. Nuair a chualaidh sí an gasúr ag rádh an ceann a chaill sé go bhfághaidh sé aríst é. Tháinic corruighe mhór ar an mhnaoi chaith sí cloch ar an ghasúr, agus dubhairt si dá mbíodh greim aici air go mbaineadh sí an
(ar lean 5 duilleóg ar aghaidh)(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sighle Nic Fhionnghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Fhionnghaile
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Doire Uí Fhríl, Co. Dhún na nGall