Scoil: Anach Cuain

Suíomh:
Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
R. S. Ó Conaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0049

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0024, Leathanach 0049

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Anach Cuain
  2. XML Leathanach 0049
  3. XML “Fear as Eanach Cuain ag Tóraíocht Mná i gConamara”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear as Anach Cuain ag tóraidheacht mná i gConnamara.
    BhI droch-mheas i gcomhnuidhe ag muintir na h-áite seo ar Ghaedilge Conamara ar an gcaoi a bhfuamnuightear cuid de na focla. Déantar magadh futha agus is léar é ón sgéal seo:
    Chuaidh fear as an áit seo go Conamara ar thóir bean. Bhuail sé isteach i dteach gan aon phráib ar colbha an bhóthair. Bhí fear a'tighe istigh agus a inghean agus í ag breacadh a lorgna ag an teine.
    "Cad do gnó isteach annseo" adeir an t-sean fhear
    "Tháinig mé ag toraidheacht mná agus cuidiú leithe" adeir an fear siubhal
    "Béidir go bpósfá Caitlín" adeir an sean fhear
    "Céard a faigheadh mé le Caitlín" adeir an fear siubhal
    "Faigheadh tú bearrach"
    "An faigheadh mé" adeir sé "ach an bearrach".
    "Faigheadh tú dhá bhearrach"
    "An faigheadh mé ach sin"
    "Faigheadh tú an láir bhreac, an boul staic, inichinn 'a cheatha, agus bearbóir na gaoithe,"
    "Céard tá Caitlín indon a dhéanamh"
    "Túrnáil agus cárdáil, mealbhóir agus mioscáin, an bolt a chuir ar an doras agus a dhul taobh thuas, de bhodhach an tighe"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Baoghail
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lisín an Óráin, Co. na Gaillimhe