Scoil: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
- Suíomh:
- Sonnach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Úna Bean Uí Mhuireadhaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sonnagh (cailíní agus buachaillí)
- XML Leathanach 0319
- XML “Mar a Chuir Naomh Pádraig Ruaig ar an nDiabhal”
- XML “Naomh Pádraig i nDoire Bhriain”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Naomh Padraig ag bualadh na gcorcán. Níorbh fhada gur imthigh an diabhal 'sna feirí glinnte a's mise i mbannaí, nár chuir sé isteach ar an Naomh uaidh sin amach.
- Naomh Padraig ag bualadh na gcorcán. Níorbh fhada gur imthigh an diabhal 'sna feirí glinnte a's mise i mbannaí, nár chuir sé isteach ar an Naomh uaidh sin amach.Naomh Padraig i nDoire BhriainLá dá ndeachaidh Naomh Pádraig amach ag taistil na tíre agus thárla gur bhuail sé le Doire Bhriain, ceanntar iarcúlach uaigneach atá suite i gceart-lár Sléibhte Eachta. Bhí cosamhlacht an bhochtanais, ámh, ar an áit agus isteach leis an Naomh i mbothán a bhí ar cholbh an bhóthair. Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe agus shuidh sé síos cois na teineadh. Bhí tart an domhain ar an Naomh agus d'iarr sé deoch bhainne ar bhean-an-tighe. Thug sí dó é le fáilte gidh go raibh easbaidh bainne ar an dteach um an dtaca sin. D'ól an Naomh an bainne agus annsin do bheannuigh sé fé thrí im agus bainne Dhoire Bhriain go ndubhairt go mbeadh a seacht ndóthain díobh ag muinntir na h-áite go lá Philib na cleite. Is amhlaidh go bhfuil clú ag cáil ar im agus bainne Dhoire Bhriain an lá seo mar níl a sárú le fagháil in lathaibh Fódhla.
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Cárthaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 18
- Seoladh
- Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe