Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 147
- XML “Seanfhocla na hÁite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní raibh sé i riocht aon dideán a dheunamh don seanfhear i dtaoibh an duithce a bhí caillte aige acht dubhairt sé go dtiubhradh sé reimse mór talmhan don seanfhear taobh thoir do Loch Coiribh, tharla gur h-imrigheadh cleas air, agus go raibh seilbh dleathach aige ar a chuid talmhan. Bhí an sean fhear chomh díceillide nach nglacfad sé leis an tairisgint seo - bfearr leis an áit a rugadh é, cé go raibh sé na dhroc thalamh an chuid is mo de na mile acra taobh thoir do Loch Coirib. "Is maith leis an naosg a ait féin" ar seisean. Thug an Breitheamh piosa beag talmhan do in a ait dhuthcais.Sin é an rud a d'fhág Muinntear Laighidh ar bheagan talamh taobh thíar do Loch Coirib.Rinne Nimble Dick an cleas ceadna ar dhaoinibh eile agus sin é an fáth gur tugadh an leas anim "Nimble" air. Deir na Mairtínigh gur tugadh Nimble Dick air i ngeall ar a chlisteacht elis an gclaideamh ag pionnsaidheacht. Acht tá a mhalairt de sceal ag Muinntear na h-áite.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bobby Mairtín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe