Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Féilí na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fear ann fadó agus chuaidh sé amach Lá Feile Stiophain ag obair ag tarraint adhmaid go Gaillimh. Níor mhaith leis an gcapall dul faoi an gcárr do an lá ceudna a go mba capall socar cineálta a bhí innti. Cuireadh faoi an gcárr i sa deireadh. Bhris sí a cos an lá ceudhna agus beigean í a caitheadh. Thainic iagus Lá ceudna an bhladhain in a dhiaidh sin agus chuaidh sé amach sa gcoill ag leagant crann. Thainic seanbhean chuige agus é ag dul amach an bóthar, nu cas sí leis in áit ecínte idir a theach féin agus an choill agus chomhairligh sí dhó iompodh abhaile. Níor ghlac e leis an gcomhairle. Chuaidh sé go dtí an choill agus an cheud coisineigh (?) thug sé ón bóthar go dtí an choill thuit sé agus bhris sé a chos. Ní dheachaidh sé ag obair aon Lá Feile Stiophain in a shaogal as sin amach.

    LÁ NODLAIG BEAG (1adh Eanair)
    Bíonn an teach lasta suas an oidhche seo 31adh Nodlag direach mar a bhios sé Oidhche Nodlag agus an oidhche in a dhiaidh sin fresin 1adh Eanair Teigheann sean daoine ar cuairt ag a ngaolta an lá seo. Bíonn damhsai agus spóirt ann freisin san oidhche (1adh EanairBiodh Aonach i nUachtarard an lá sin fadó agus is uime cleamhnas a socruigheadh ag an aonach an lá sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge