Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Ainm an duine a bhfuaras na sgéalta seo uaithi... Máire Ní Chatháin
2. A seoladh... Oileán Iartach, Rosmuc, Co. na Gaillimhe
3. A haois... 79 blaidhain
4. A gairm beatha... Feilméar
5. Cár tógadh í... Túrloch Beag, Rosmuc
6. An dáta ar scríobhadh na sgéalta seo: 3/11/37
Scéal faoi Oidhche Shamhna
Bhí gasúr bocht ann uair amháin agus badh é baramhail gach duine go mbíodh sé ins na páirceannáibh. Ní raibh sé i bhfad ag siubhal nuair a chonnaic sé solas i bhfad uaidh is ní i ngar dó. Do lean sé an solas is an solas ag teannadh uaidh. Sa deireadh do tháinig sé suas leis agus is teach a bhí ann.
Do chuaidh sé isteach ann agus chuireadh céad míle fáilte roimhe. Do thugadar áit suidhte dó. Do bhí ceathrar fear sa teach agus bean. D'éirigh duine de na fir agus chuaidh sé amach agus lean an chuid eile é agus lean an ghasúr iad. Chuaidh siad agus fuair siad luch agus thug an gasú isteach go dtí an mnaoi í. Chuir an bhean ag bruith í agus bhí súp bhreágh uirthi.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chatháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe