Scoil: Oileán Iarthach
- Suíomh:
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Oileán Iarthach
- XML Leathanach 444
- XML “Donnóg is Domhnall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Domhnall isteach d'fiarfruigh sé dí cá raibh an cáca. D'innis sí dhó mar bhí an plúr agus faoi an phéist. Anois bhí Domhnall ar buile agus dubhairt sé le Donnóg imthigh agus tharraing an doras i dhiaidh, chroch Donnóg an doras agus thosaigh sí dhá tarraingt i na dhiaidh. Nuair a bhíodar ag dul suas cnuic dubhairt sí sa dureadh go raibh na sálaí bainte ag an doras dí agus chuala Domhnall i agus dubhairt sé léite a caitheamh uaire agus chaith. Do tháínig siad go dtí teach mór agus chuaidh siad isteach agus chuaidh siad a bhfolach suas ar an lota agus nuair do tháinig na daoine isteach dubhairt Domhnall le Donnóg gan labhairt ar a bhfaca sí iriamh. Nuair do chuaidh na daoine isteach ag ite, thosuigh sí ag rádh go raibh ocras uirthi agus níor do thug Domhnall cead dí a dul síos agus annsin dubhairt sí go raibh fonn sgréachaighil uirrí agus thosuigh sí agus rith na daoine uaisle as an teach agus bhí rud aca féin annsin.
- Bailitheoir
- Áine Ní Mháinín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chatháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- An tOileán Iarthach Thiar, Co. na Gaillimhe