Scoil: Scoil N. Íde

Suíomh:
Márthain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Éamonn Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 128

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0420, Leathanach 128

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Íde
  2. XML Leathanach 128
  3. XML “Ciorrú”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh so ar siúbhal ana mhór sa t-sean aimsir. Bhíodh daoine-- go mór mhór mná-- go mbíodh ana dhroch theist ortha. Bhíodh éad aca lé na gcómharsain go mór mhór i gcúrsaí bainne agus ime. Bhíodh tranglam i mbailtí agus daoine ag rith go dtí an Sagart. Bhíodh an Sagart ciapaithe acu.
    Bhí dhá líon-tíghe i mBaile an Cholla agus h-ocht gcínn do bhuaibh i ngach tig. Maidean go moch do chonnaic duine bean ó thig díobh istig sa ghort go raibh ba an tighe eile. Níor d'fan leath an bhainne ag na ba agus dá dtuitfeadh an t-anam asta níorbh b'féidir leó an chuigeann do dhéanamh. Bhí dhá oiread ime dhá dhéanamh sa tig eile san am céadhna.
    Sa deire do bhí amhras ag bean an tíghe seo ar an mnaoí eile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtais osnádúrtha
        1. drochshúil (~50)
    Teanga
    Gaeilge