Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 460
- XML “Mister Crowley”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Mister Crowley"Bhí fear ann uair darb ainm do Mister Crowley. Chuaidh sé go dtí an t-Aifreann Dia Domhnaig, Buail fearín na bréide uime. Chuadar isteach idtig tábhairne agus bhí braon aca.
"Seadh, amisur Crowley" arsa fearín na bréide "nách bhfuil lios idtalamh do dhriotháir?"
"Tá" arsa Mr. Cr.
"Téighir isteach ann anocht má seadh" arsa fear na bréide, "féachaint cad tá ar siubhal aca"
Chuaidh Mr Crowley isteach sa lios. Ní raibh aoinne sa chistin acht é féinig. Bhí an bailiú ag ól agus ag ithe thíos acht níor iarr aoinne ar Mhister Crowley an raibh beal air. Is gearr do go bhfeaca sé dairéag fear ag gabháil thairis isteach agus camán ag gach duine dhíobh. Do réir mar théighídís isteach leigeadh gach duine a chamán uaidh sa cistin agus seo thíos sa phárlús iad ag ithe agus ag ól.
Igceann tamaillín d'eirig Mr. Crowley agus d'féach sé ar na comáin. Thaithnig ceann amháin diobh leis. Thóg sé an camán san agus bhuail idir a dhá chois é inaice na teine. Igceann tamaill chualaidh sé na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál O hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí