Scoil: Kenmare (B.) (uimhir rolla 2849)
- Suíomh:
- Neidín, Co. Chiarraí
- Múinteoirí: Eoghan Ó Súilleabháin Liam Mac Cuisín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Kenmare (B.)
- XML Leathanach 514
- XML “An Bheirt Duine Uasal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beidh mé ullamh id' chóir." Dfhéach an duine uasal 'na dhiaidh agus chonnaic sé go raibh sé ag leagadh ar nós an diabhail.
Níor chuadar ibhfad eile nuair a bhuail fear eile leo agus gunna ina láimh aige agus shíl an duine uasal na raibh an radharc ró mhaith aige. "Cad é an saghas duine thusa?" ars an duine uasal "Pé saghas duine mé," ar seisean, Teastóchad uait-se ar ball." "Siubhlaig ort mar sin" ars' an duine uasal.
Chuireadar díobh gur bhaineadar amach tigh an duine uasail eile. Do labhair Tóin Leasg - "Níl aon ghnó ag aoinne díobh san isteach annsan leat-sa. Fanaidís annso", ar sé Bhuail an duine uasal agus Tóin Leasc isteach. Bhí fáilte is fiche ag an duine uasal istigh rómpa "Suidh ar an gcathaoir seo" ar seisean leis an duine uasal a tháinig isteach. "Ní shuidhfidh mo duine uasal ar a' gcathaoir sin go suidhfead-sa roimis ann" arsa Tóin Leasc, "eireóchad-sa annsan agus is féidir leis suidhe ann."
Shuidh Tóin Leasc ar an gcathaoir Cad a bheadh ann ach bioránacha iarainn agus nimh na mbarra. Dhein Tóin Leasc(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micheál O hEaluighthe
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fear poist (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Damhros, Co. Chiarraí