Scoil: Doirín Darach (uimhir rolla 7813/4)
- Suíomh:
- Doirín Darach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chathbhuaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doirín Darach
- XML Leathanach 104
- XML “Cabógaíocht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do híreál feirmeoir mór iad, agus nuair a chonnaic sé an fear beag seo Seán a' Tuighe ná raibh acht cúig troighthe go leith ar aoirde d'fiafruigh sé dhe cad a thug annso é, agus dubhairt sé go dtáinig sé cun obair d'fághail mar cábóg.Dubhairt an feirmeoir nár bhféidir leis na gais do stracadh roimh na fearaibh eile, agus do fhreagair Seán é
"Fan go dtiocfaidh an tráthnóna agus taisbeanfad duit cad is féidir liom a dhéanamh"
Nuair a tháinig an tráthnóna bhuail an feirmeoir isteach san ngort féachaint cad é an méid oibre a bhí déanta ag na fearaibh agus ná raibh tosach ag Seán ortha go léir.Chuir an feirmeoir na fir eile ag cuardach iomairí Sheáin féachaint ar fhág sé prátaí i n-a dhiaidh acht i mbasa ní fhuaireadar creachán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Conaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Chlocháin, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Eoin Ó Clocháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gort an Chlocháin, Co. Chiarraí