Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 165

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 165

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 165
  3. XML “Lios”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhí mórán liosanna san oileán seo agus bhí ceann i gCurrach Beag. Lios ana mhór do beadh é agus bhí na sean daoine a rádh gur chuaidh fear saidhbhir isteach ann agus ná raibh sé ábalta ar teacht amach agus fuair sé bás istigh ann.
    Chualadh fear a bhí i gCurrach Bheag an sgéal sin agus dúbhairt sé go raghadh sé isteach ann mar cheap sé go raibh alán airgid ag an bhfear a chuaid isteach.
    Bhí gach aoinne a rádh leis gan dul isteach ann mar ná bheadh sé ábalta ar teacht amach acht ní thógfadh sé aon chómhairle uatha, sa deireadh do chuaidh sé go dtí an lios agus thosnuigh sé ag déanamh phoill mhóir.
    Nuair a bhí sé ag déanamh an phoill do rith ainmhidhe beag bán amach as an bpoll agus do rith sé mór thimpeall an fhir agus taréis tamaill thánaigh réidh soluis mórthimpeall air agus thánaig sgannradh air agus thuit sé i luige agus d'eirigh sé breóidhte agus d'fhan sé annsan ar feadh tamaill mhaith.
    Taréis tamaill chuaid a mhuinntire go dtí an lios féachaint cá raibh sé agus fuaireadar é i luige inaice leis an lios. Rugadar abhaile é agus chuireadar é ins an leabaidh. Bhí sé breóidhte ar feadh cúpla mí agus taréis san thánaig bean isteach go dtí a thig. Gobnait do'b ainm dí agus bhí sí i gcóimhnaidhe déanamh rudaí le cómhacht na ndraoidhthe. Dúbhairt sí leis ná bheadh sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Chuipéir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    63
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí