Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 231

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 231

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 231
  3. XML “Scéal Naofa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a bhí Íosa Críost agus an Maighdheann Muire ar an dtalamh seo. Bhíodar ag dul thar claidhe lá amhain, agus so strac an Maighdeann a ghúna.
    Bhíodar ag gabháilt tar bóthair ar feadh i bhfad agus tar éis tamaill bhuailleadar le tincéir. Dúbhairt sí leis rud éiginn do dhéanamh dí chun a ghuna do ceangal agus dubhairt seiseann leí na raibh sé feín ábalta ar a chóta do cheangal.
    Annsan do chuir sí mallacht air agus ó'n lá san i leith níor fhág na tínceírí an bhóthar.
    Bhí sí ar an aistear arís agus tar éis tamall thánadar go dtí tig gabhann agus dúbhairt sí leis (brooch) a dhéanamh dí agus do dhein se ceann ana dheas ar fad an mómat a dúbhairt sé é.
    Do bheanuig sí é agus gach gabha eile a bhí san domhan agus dúbhairt sí leis é feín do níghe in uisge in a fuarfadh sé a ineoin nuair a bheadh obair an lae críochnuighthe aige agus go mbeadh sé níos fearr ná mara bhí sé nuair a thosnuig sé ar maidin.
    Bhí sé ag déanamh é feín do nighe gach tráthnóna ins an uisge sin agus ní raib sé tuirseach ar bith.
    Cáitlín Ní Murchudha, Currach Mór
    ó
    Mhaire Ní Murchadha, Cúil
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
          1. an Teaghlach Naofa (~429)
    2. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáitlín Ní Murchudha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Mhurchudha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    76
    Gairm bheatha
    Pinsinéir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chúil Thiar, Co. Chiarraí