School: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (roll number 10819)
- Location:
- Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
- Teacher: Partolan Ó Gríbhthín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Geall le leath chéad blian o shoin ní raibh na dathanna á ndíol ins na siopaí fé mar atá anois agus dá bhrígh sin nuair a bhí aon rud cniotálta ag na sean daoine le snáth bán a bhí deunta as ollain na gcaorach aca féin b’éigean dóibh é dhathúghadh le rudaí a bhí as fás ins an páirceanna, ins na portaighthe agus ar na carraigreacha.An rud a bhí aca chun dathúghadh dhuibh do dheunamh bhí sé le fághail ins na portaighthe ‘s dubha a thugtaí air agus is é an rud céadna a bhíodh ag na scoláirí bochta chun bheith ag scrí leis.Do bhailigheadh siad é sin agus do chuireadh siad é ar an dteine ag beiriú agus tar éis tamaill ag beiriú chuireadh siad é ar thaobh na teine ar feadh cúpla lá nó mar sin agus dheineadh sé sin dath chómh maith le h-aon dath eile atá le fághail ag na daoine anois.An rud a bhí ins na páirceanna acu chun dath buidhe do dheunamh do beadh an gaosadán.Ins an Samhradh a gheibheadh siad é sin ag fás mar ní raibh sé ag fás san nGeimhreadh.Bhí rud eile acu chun dath donn do dheunamh, sé sin an rud a fásann ar na carraigreacha go mór mhór san Samhradh.Prioctaí ar dtúis é agus annsan deintí é do bheiriú agus annsan deintí an éadach do(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Chúipéir
- Gender
- Female
- Address
- Na Tinní Íochtaracha Thoir, Co. Chiarraí
- Informant
- Máire Ní Chonaill
- Gender
- Female
- Age
- 73
- Occupation
- Pinsinéir
- Address
- An Comhartha Beag, Co. Chiarraí