Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay) (uimhir rolla 10819)

Suíomh:
Baile Uí Thiarnaigh Thiar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Partolan Ó Gríbhthín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0479, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile an Tighearna (Ballyhearnay)
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Fiach Meán”
  4. XML “Currach Mór”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    air é do thabhairt dó acht níor thug sé do é.
    Do thosnuigh an beirt aca ag troid mar gheall air agus cad a dhein an fear a scríobh an scéal acht an leabhar do caitheamh isteach san dteine. Do leanadar ar an dtroid ar feadh cúpla uair agus annsan do stadadar agus do thuit an fear a scríobh an scéal breóidhte agus cúpla lá ina dhiaidh sin fuair sé bás.
    Scríobhnóir:- Cáit Ní Mhurcadha, Fiadhach Meadhon
    Sgéalaidhe:- Pádraig Ó Loingsig, Baile an t-Seipéil
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá Baile Fearann i nDairbre agus 'sé an ainm atá air ná "Currach Mór". Sé an fáth go nglaodhtar é sin air mar bhíodh mórán portaighthe tímpeall na h-áite céadna.
    Baile Fearann ana aosta iseadh é, agus fadó bhí Currach Beag ceangailte leis. Do théighidís go h-America ó'n iarthar Charraig Mhóir ó'n áit go nglaodhtar air "Rinn na Ré".
    Níl mórán fothraigh tímpeall na h-áite ach tá cúpla ceann in iarthar Charraig Mhóir in-aice leis an bfairrge. Bhí bean in a cómhnaidhe i gceann d'es na fotharachaibh san darb ainm dí "Gobnait".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlín Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Mhurchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    38
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Comhartha Mór, Co. Chiarraí