School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: Oide sa chlochar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Page 243
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní phósann na daoine anois ins an slighe do phós na sean daoine. Chuaidh cúpla daoine go dtí teach an chailín agus do dheineadar cleamhnas di. Cúpla oidhche roimh lá an phósadh bhíodh féasta mór i dteach an fhir agus téigheadh an cailín ann. Bíodh na daoine as an bparóiste go léir ann agus bíodh síad ag damhsa.
Bíodh duine ag déanamh ceóil ar an fidil, téigheadh alán buachaillí ann agus bíodh hataí móra ortha. Bíodh síad gléasta go deas agus téigheadh síad go gach féasta mar sin. Lá taréis pósadh na beirte bíodh féasta eile. Ghéibheadh na sean daoine agus na fir gloine uisge beatha nuair théigheadh síad ann.
Ní théigheadh mórán daoine -aosta go dtí na féastaí acht bhíodh féasta eile dóibh féin taréis an phósadh.
Leath-céad blian ó shoin do dhean na daoine cleamhnais acht céad blian ó shoin chuaidh na fir ó teach go teach agus ghoid síad gach cailín deas. Annsan bhí ar an cailín fear ar bith dó cheap na daoine dí do phósadh. Nuair a bhí sí pósta thug a h-athair bó agus leabha agus bosca mór agus ceithre cosa faoi dí. Do bhí ar an máthair cúpla púnt a thabhairt dí.- Collector
- Máire Ní Dhéisigh
- Gender
- Female
- Address
- Foxford, Co. Mayo