School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)

Location:
Foxford, Co. Mayo
Teacher:
Oide sa chlochar
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0125, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0125, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Eoin, Béal Easa
  2. XML Page 241
  3. XML “Áitainmneacha”
  4. XML “Pósaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pósaidhthe
    San tsean-aimsir ba é an Inid an t-am ba mhó a phósadh na daoine. Deireann na seandaoine gur deas é an lá Ceadaoin cun pósadh. Fuaireadar é sin amach ón focal Beurla. Deireann siadh freisin nach bpósfadh siad duine ar an Dardaoin mar bhéadh faithchios ortha go n-iosfaidh siad feoil ar an lá in a dhiaidh sin.
    Tugadh "Buachaillí Tuighe" ar na buachaillí a theigheadh ag bailiú airgid ag an bpósadh, agus bhíodh siad feistighthe san slighe nach mbéidh fhios ag na daoine cé bhí ann. Na "Clatairí" focal eile a bhí ortha. Ní raibh aon gluaisteáin ag an lánamhain fadó, cun dul ar "mí na meala." Ba ar capall nó asal a theigheadh siad. Tugadh na seandaoine sáithe beach ar na daoine a pósadh ar Máirt na h-Inide mar san am sin griosuigheadh na daoine agus eireochaidís amach cun pósadh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    2. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. marriage (~4,283)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Oibicín
    Gender
    Female
    Address
    Foxford, Co. Mayo