School: Naomh Eoin, Béal Easa (roll number 14176)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: Oide sa chlochar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Naomh Eoin, Béal Easa
- XML Page 250
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Do bhí a lán céardanna ag na seandaoine fadó agus b'é sin an slighe-bheatha a bhí aca.
Déanamh Ciseáin. Ar dtús cun a buinn do dhéanamh geibhtear slata sallaidh agus fightear isteach iad go dtí go mbíonn sé cruinn. Annsin cuirtear cúpla slata mór mór thimcheall air, agus cuirtear slata cosamhail leó có-treamhar leo. "Saiteán" a tugtar ortha. Leantar mar sin isteach is amach go mbíonn siad fighte go tiugh. Fágtar suas an caisín mór thimcheall i gcómhair ciseáin éadaighe, agus cuirtear síos é isteach is amach fé'n mbonn, i gcómhair ciseain móna.
Déanamh Bairrille. Bhì a lán cuipéir san cheanntar seo fadó. Ní raibh uirlisí aca fé mar atá ag na cuipéir anois. Órd an t-aon rud mór a bhí aca, ach bhí rudaí beaga eile aca i gcomhair fonnsa. An céad rud a déantar ná an fráma do dhéanamh. Seo mar a deintear sin. A trí nó a ceithre píosa d'adhmad d'fághail, agus iad do gearradh ar a mbánn cun iad do dhéanamh cruinn. Annsin cuirtear na fonnsa mór thimcheall ortha, agus annsin beidh sé críochnuighthe.- Collector
- Máire Ní Oibicín
- Gender
- Female
- Address
- Foxford, Co. Mayo