School: Inbhear (roll number 12568)

Location:
An tInbhear, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Mac Gearbhuigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 572

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0130, Page 572

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inbhear
  2. XML Page 572
  3. XML “Ciste Óir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ciste Óir.
    Bhiodh gasúr ag imirt cárdaí san oidhche.
    Bhiodh sé amuigh go mall. Oihche amháin nuair a bhí sé ag teacht abhaile chonnaic sé bosca leagtha ar thaobh claidhe agus é leath oscailte agus péiste casta thart air. Theann an gasúr leis agus agus d'oscail an péiste a bhéal nuair a chonnaich sé an gasúr ag teacht chuige. Bhí faitchios ar an gasúr roimh an bpéist acht rinne sé misneach agus theann sé leis agus chuir sé isteach a lámh agus thug sé leis crúaca sobhran. Thainig sé abhaile agus dubhairt sé lé n-athair go raibh neart airgead aige le h-aghaidh na gcárdaí anois. Nuair a déirigh sé ar maidin chuaidh sé chomh fada leis an t-sagart agus thug sé sobhran dó agus d'orduigh sé dó aifreann a léigheamh ar son anam an té shaothrúigh an tairgead. D'imthigh sé lár na mhárach ag imirt na gcárdaí arís agus nuair a tháinigh sé go dtí an áit a raibh an bosca dhearc sé isteach thar a gclaidhe
    agus chonnaic sé an bosca agus bhí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Rudaigh
    Gender
    Female
    Address
    Greamhchoill, Co. Mayo
    Informant
    Antona Ó Deagánaigh
    Gender
    Unknown
    Address
    Greamhchoill, Co. Mayo