School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéal
Badán an Bhuilg RiabhaighBhí rí ann fadó agus bhí beirt mac aige ag an aimsir sin bhíodh sean-fhear agus sean-bhean cearc ag na righte ag thabhairt aire de na h-éanlaith agus ag tabhairt bídh dóibh agus bhí páiste diomhaoineach dhá thógáil acu ar bh'ainm dó Badáin na Builg Riabhaigh. Lá amháin bhí an righ ag siúbhalóid thart dhó fhéin ar bhord cladaigh ag déanamh a ghoile agus chonnaic sé corachán beag ag tarraingt air a raibh stiúradh céad duine air agus ní raibh ann acht duine amháin agus thainig sé isteach go dtí an cladach agus ní dhearna sé ach siúbhal suas ag an rí agus é bhualadh le dorn sa mbéal agus bhain sé fiacal as. Thuit an fiacal ar an talamh agus thóig an fear é agus chuaidh sé amach in a chorachán arís agus d'imtigh sé. Chuaidh an rí abhaile agus chuaidh sé isteach in-a sheomra agus níor labhair sé focal ar feadh seacht mbliadhain le aoinne(continues on next page)- Collector
- Máire Muiltheach
- Gender
- Female
- Address
- Gort Meille, Co. Mayo