School: Inbhear (roll number 12568)
- Location:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac Gearbhuigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An saigheas aráin a bhíodh ag na daoine fadó.
Timcheall ceithre scór blian ó shoin bhí cuid de na daoine go h-an bhocht agus níorbh fhéidir leó aon plúr a cheannacht acht beagán agus i n-ionad cácaí plúir a dhéanamh, dhéanadh siad cácaí beaga as min coirce agus uaireannta dhéanadh siad cácaí as fataí bruithte agus uaireannta eile boscta. Dhéanadh siad na cácaí min-choirce le bainne nó uisge te agus ghreamóchadh sé níos fhearr dá chéile ansin. Nuair a bhiodh sé sáthach brúighte aca dhéanadh siad ina trí choirnéal agus chuireadh siad ina seasamh é cois na teineadh ar chúpla fhód mónadh nó go mbíodh sé bácáilte. Na cácaí a dhéanadh siad as na fataí bruithte ní chuireadh siad bainne nó uisge ar bith air ach bhrughadh siad na fataí go maith agus(continues on next page)