Scoil: Inbhear (uimhir rolla 12568)
- Suíomh:
- An tInbhear, Co. Mayo
- Múinteoir: Tomás Mac Gearbhuigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inbhear
- XML Leathanach 794
- XML “Bia sa tSeanaimsir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó d'éirigheadh na daoine go h-an mhoch agus go mór mhór nuair a bhíodh na fataí le baint bhíodh siad ina suidhe roimh an lá agus cuireadh siad ortha na bróga le solus cípíní nó coinle mar ní bhíodh aon lampaí aca mar atá anois. Théigheadh siad amach ag obair annsin ag fáinne an laé agus ní íosadh siad bricfásta ar bith roimh iad a dhul amach nó go dtigeadh siad isteach arís timcheall an naoi nó an deich a chlog. Bhiodh pota fataí nó pota starraigh bruithte ag bean-an tighe nuair a thigeadh siad isteach. Chuireadh siad na fataí isteach i mbascéad agus leagadh siad an bascéad i lár an urláir ar phota nó rud eicínt agus shuidheamh uimhir an tigh thart ag an mbascéad. Shuidheamh an cuid is mó aca ar stólta agus an chuid eile chaitheadh siad iad(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Muilleach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort Meille, Co. Mayo