School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)
- Location:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
- Teachers: Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathrú Thaidhg
- XML Page 233
- XML “Bia”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní raibh tae i ngach teach seachtmhodh blian ó shoin. Bhí an tae ocht scilleach' an punt an t-am sin, agus bhí an siuicre seacht scilleach an chloch. Ní thiocfadh le daoine bochta tae agus siucra a cheannacht an uair sin. Bhíodh tae ag daoine a raibh airgead acú le n-a cheannacht. Seo é an chaoi a réidhtigheadh siad é.
D' fhiuchadh siad an t-uisce i scilléad, agus chuireadh siad an tae air. Annsin choinnigheadh siad na duilleoga tae agus chuireadh siad siuicre ortha agus d' ithidis iad.
Bhíodh trí cineál aráin acu : arán min-choirce, arán sheagail, agus arán eorna. Trí bhéile sa lá a d'itheadh na daoine : an bricfeasta, an dinnéar, agus an suipéar. Bhíodh brachán agus bainne acu le h-aghaidh bricfeasta go minic, agus corr-thorn eile bhíodh fataí agus bainne acu. Le h-aghaidh an dinnéir bhíodh fataí agus iasc úr acú, agus bhíodh an rud(continues on next page)- Collector
- Liam Ó Dochartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Portacloy, Co. Mayo
- Informant
- Liam Ó Burnach
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Portacloy, Co. Mayo