School: Ceathrú Thaidhg (roll number 15032)

Location:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo
Teachers:
Pádraig Mag Shamhráin Pádhraic Ó Gacháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 236

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 236

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Page 236
  3. XML “Liathróid Coise”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fad'ó bhíodh na daoine óga ag imirt liathróid coise. Liathróid déanta de pháipéar agus gioblachaí agus gach rud mar sin a bhíodh acú, agus annsin cheangluighdís sreangán thart ar an méid sin, agus bhíodh sé sin comh maith le ceann ceart.
    Ní h-é an chaoi chéadna a bhíodh siad ag imirt an t-am sin as' bhíos siad ag imirt anois. Ní bhíodh mórán ar gach taobh - thimcheall a's deichneabhar nó b'fhéidir dhá dhuine dhéag. Thíos ag Rinn Ruaidh a d'imrighdís é nó in áit ar bith a bhéadh réidh cothrom.
    Bhíodh dhá chloch mhóra thimcheall a's trí slat nó ceithre slat ó n-a chéile, agus bhíodh dhá chloch eile thimcheall a's ceathrú míle taobh thiar díobhtha sin.
    Annsin sheasadh beirt i lár na páirce agus d'abróchadh duine acú, "Buailim ort," agus d'abróchadh an duine eile, "leigim leat." Annsin phiocaidis amach na daoine a bhéadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Róis Ní Chonghaile
    Gender
    Female
    Address
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo
    Informant
    Brighid Ní Chonghaile
    Gender
    Female
    Age
    55
    Address
    Ceathrú na gCloch, Co. Mayo