School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 219
- XML “Na Seandaoine”
- XML “Bean á Tórramh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Sean Daoine
D'airigh mé scéal ana dheas cúpla oidhche ó shoin mar gheall ar na sean daoine.
Nuair a bhíodh na fearaibh imthighthe amach ag iasgaireacht bhíodh na mná ag deanamh líonta agus á ndeisiughadh.
Bhíodh ciseáin acu ag tarraingt triosgair ón dtráig. Bhíodh na mná suas go dtí a dó a chlog ar maidin ag fuireach leis na fearaibh chun teacht ón bhfairrge. Bhíodh siad ag cniotáil agus ag sníomh.
Nuair a thagad[h] na fearaibh abhaile ón bhfairrge bhíodh siad ag seanachas mar gheall ar an bhfairrge.
Fuair mé an scéal seo ó Mháire Ní Lonáin. 50 blian.- Collector
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
- Informant
- Máire Ní Lonáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Bean á tórramh
Bhí bean ann fadó agus bhí beirt dearbhráthair aice agus bhíodar an-bhocht. Bhí an b[h]ean ag teacht aosta agus thuit sí tinn. Ní raibh sí i bhfad tinn nuair a fuair sí bás. Shuas cois na teine a bhí sí á tórramh agus bhí cúpla duine ag an tórramh. Bhí sé timcheall dhá bhuille déag istoidhche agus d'airig na daoine fuaim éigin.
Ní raibh a fhios acu cár airig siad an fuaim ar dtúis agus dubhairt ceann acu go raibh sprid ag teacht anuas an simné(continues on next page)